GAA   The Official Ulster Colleges GAA Website - Sponsored by BT

News

Mo Ghradam Uile-réalt

Mon 26th Dec 2011

Insíonn Naoise Ó Cairealláin, duine de na hUile-réalta iomána, dúinn faoi féin agus faoin tábhacht atá leis an ghradam

 

Bhí mé ag iomáint ón lá ar leag mé cos ar thalamh agus an chéad chuimhne atá agam mar óganach ná bheith ag pocáil thart i Tigh Mo Laige in Iarthar Chorcaigh, an ceantar inár tógadh mo sheánmháthair. Na laetha seo, baineann mo mháthair an-ghreann as bheith ag breacadh siar ar ghriangrafanna dom le clúidín ar mo thóin agus camán sa lámh.

Bhí srian láidir den chultúr Gaeileach sa chlann againn i gcónaí, idir an cheol, an teanga, agus an spórt, agus is mar gheall orthu sin go raibh mé gáfa leis an iománaíocht ón tús.

Thosaigh mé ag iomáint do Chuman Naomh Pól ar Bhóthar Seoighe agus mé thart ar 6 nó 7 mbliana d’aois, agus an beirt deartháir níos sine agam, Ainle agus Cairbre, ansin romham.  Deirtear go bhfuil sé deas imirt ar son an chontae agus duaiseanna a fháil, ach go dtagann sé uilig ar ais chuig imirt leis an cumann i gcónaí, agus sin mar atá agam.  Idir an pheil agus iomáint, na laethanta diana agus na hócaidí móra, bhain mé bród i gcónaí as an léine dhearg agus bhán a chur ar mo dhroim agus troid ar son Naomh Pól. Onóir ar leith a bhí ann i mbliana agus mé mar chaiftín ar fhoireann na mionúr a d’imir i gcluiche ceannais B an chontae, cé gur chaill muid amach i gcluiche cóngarach in éadan ár gcomharsna, Cumann Uí Donnabháin Rossa.

I mBunscoil Phobail Feirste, ar a d’fhreastal mé, bhí tradisiún láidir ag na cluichí Gaelacha ann, agus tá go fóill.  Fuair mé mo chéad bhlas d’imirt ar son an Chontae agus mé sa bhliain deireanach ansin, nuair a bhain mé áit ar fhoireann Aontroma a d’imir i gcomórtas náisiúnta Cumann na mBunscoil.

Lean mo chuid forbartha ar aghaidh nuair a thosaigh mé ar Meánscoil Feirste ar Bóthar na bhFál, agus is ansin a chaith mé cúig bliana.  Lean mé treoir mo chuid deartháireacha don dá bhliain deireanach den scolaíocht nuair a d’aistrigh mé go Scoil Mhuire na mBráithre Críostaí, an freagra atá againn anseo ar ‘Naoínra na hIomána’ Naomh Ciarán, i gCill Chainnigh.  Is mór an tionchar a bhí ag Scoil Mhuire ar mo chuid dul chun cinn agus an bhéim agus stádas ar leith atá ag an iomáint sa scoil.

Ar mo chéad bliain bhain muid amach cluiche ceannais Mageean ach bualadh muid le haon chúilín amháin, an bealach is measa le cluiche a chailleadh!  I ndiaidh an bhriseadh croí sin rinne muid gealltanas mar fhoireann dul an bealach ar fad an bhliain dár gcionn.  Sula raibh an lá féin caite, bhí na hUaisle McToal agus Austin cheana féin ag pleanáil an traenáil mharfach a bhí le teacht, agus is tinn a bheadh muid de bheith ag rith suas an Sliabh Dubh sa tréimhse sin.  Ag deireadh thiar thall, ba bhuíoch agus shásta a bhí muid as an obair a cuireadh isteach i ndiaidh don reiteoir a fheadóg a shéideadh sa chluiche ceannais i mbliana agus muid mar bhuaiteoirí ar Chorn Mageean. 

D’imir me ar fhoireann fhorbartha Aontroma suas go dtí an grád fé-17 ach cuireadh as go mór dom nuair nár bhain mé áit amach ar fhoireann idir-chontae nw mionúr i mbliana.  D’úsáid mé an gortú sin mar spreagadh agus rinne mé níos mó iarrachta ná mar a rinne mé riamh traenáil san aclann agus cleachtadh a dhéanamh ar mo chuid scileanna.  Ag deireadh an lae, is féidir leat ligint don droch-rud cur isteach ar do chuid forbartha nó é a úsaid mar fhoinse fuinnimh chun brú ar aghaidh, agus is é sin a rogha a ghlac mé.  Nuair nár oir an aimsir Éireannach seo don iomáint, bhí orm theacht ar bhealaí eile pocáil thart agus bhain mé an-bhuntáiste as cúirteanna liathróid láimhe Naomh Pól.  An deacracht is mó a bhí agam ansin, ar ndóigh, ná go raibh orm súil amháin a choinneáil ar an sliotar agus súil eile ar an doras, nó bhí na himreoirí liathróid láimhe go minic sa tóir orm as a bheith ina gcuid spáis!

Bhí an-bhród orm an gradam uile-Réalt a phiocadh suas i mbliana, go háirithe leis an iarracht mhór a chuir mé isteach sa traenáil i ndiaidh ar tharla le foireann na mionúr.  Is deas an beagán aitheantais ar obair chrua anois agus arís.  Ar ndóigh, is mór an faoiseamh atá ann All-Star a fháil i ndiaidh d’Ainle agus Cairbre ceann a fháil agus iad ag freastal ar Scoil Mhuire. Bhí sé i gcónaí mar mhian agam mo phósteir féin a chrochadh suas taobh ar thaobh leis an bheirt eile sa seomra tosaigh, agus buíochas le Dia beidh mé abálta an cleithmhagadh a sheachaint thart ar dhinnéar na Nollag i mbliana.

Tá an bheirt deartháir agam ag imirt ar son fhoireann iomána Na bPiarsach i gContae Chorcaí faoi láthair, agus más féidir liom áit a bhaint amach ar chúrsa Ollscoile i gCorcaigh, ba bhreá liom imirt leo ansin.  Rinne an bheirt acu staideár ar an eolaíocht spóirt in Ollscoil Luimnigh, ach an iomáint a thug ansin iad den chuid is mó.  Tá Ainle anois ag obair mar thraenálaí agus mar bhainisteoir ar Aclann Chumann na bPiarsach i gCorcaigh, agus Cairbre ag pilleadh ar Ollscoil Luimnigh chun máistreacht a dheánamh san Eolaíocht Spóirt.  Nuair a thugam cuairt orthu thíos ansin, ní laetha saoire a bhíonn iontu, ach campaí traenála!

An sprioc atá agam amach anseo ná áit a fháil ar fhoireann sinsear Aontroma, agus deis a fháil imirt leis an dá dheartháir, pribhléid nach raibh agam go fóill.  An uaillmhian, ar ndóigh, ná Páirc an Chrócaigh, Cluiche Ceannais na hÉireann, an triúr Uí Chairealláin ar an pháirc, an teaghlach in Ardán Uí Ógáin, agus Corn Mhic Carthaigh ag teacht abhaile go Béal Feirste don chéad uair.

Submitted by: Seamus McAleenan