DANSKE BANK ULSTER COLLEGES GAA

h

Trí bhua i ndán do scoileanna Uladh?

March 28, 2013

Cluichí na gColáistí

Tá Coláiste Phádraig Machaire Rátha i bPáirc Bhrewster amárach agus cluiche leathcheannais Chorn Uí Ógáin le himirt acu in éadan curaidh an iarthair – Coláiste Gearailt Caisleán a’ Bharraigh.

Sílim féin gur foireann mhaith iad Machaire Rátha, go bhfuil imreoirí den chéad scoith ar fáil dóibh agus nach bhfacthas a gcumhacht go fírinneach i gCorn Mhic Ruairí.

Mar sin féin d’éirigh leo teacht fríd an chomórtas seo.  B’fhéidir go raibh stair na scoile sa chomórtas ina luí trom go leor orthu agus bearna deich mbliana ón uair dheireannach a thóg Gerard O’Kane an Corn ársa ar ais chuig an choláiste.

Ba é 2003 an bhliain deireannach a thóg siad Corn Uí Ógáin – a gceathrú craobh náisiúnta.

Tá deánta go maith ag curaidh Uladh ar an staid náisiúnta le cúpla bliain anuas, agus tá an traidisiún ag Machaire Rátha nach bhfuil ag scoileanna eile.  Is buntáiste mór é an traidisiún sin – creid nó ná creid é.

Seo seans maith do Mhachaire Rátha a n-ábaltacht mar fhoireann a thaispeáint.  Sílim go dtaispeánfaidh siad sin agus go mbeidh bua fhurast acu.

Mar an gcéanna le Coláiste na Trionóide Naofa An Chorr Chríochach a imreoidh Coláiste Daibhéid ó Chaisleán a’ Bharraigh sa chéad chluiche amárach in Inis Ceitleann.

Bhain foireann Uí Cheannabháin craobh na hÉireann sa ghrád seo anuraidh agus tá cuid mhaith den fhoireann sin ar fáil arís dó.

Níl an corn seo buaite riamh ag scoil ar bith ón iarthar.  Mar sin de níl leisc ar bith orm a rá go bhfeicfear curaidh Uladh sa chluiche ceannais.

Is doiligh an cluiche eile amárach a mheas.  Arís eile is i bhFear Manach a bhéas curaidh Uladh – Coláiste Naomh Mícheál An Lurgan, curaidh Chorn Mhic Giolla Earnáin.

Imreoidh siad Pobalscoil Attracta Tobar a’ Choire i gcluiche leathcheannais Chorn Uí Nuanáin.

Bhí comórtas Uladh thar a bheith teann i mbliana – ach ba dhoiligh an caighdeán a mheas.  Níl amhras ar bith orm go bhfuil imreoirí maithe ag Coláiste Naomh Mícheál – Oisín Lenehan, Shea Heffron agus Ruairí Loughran ina measc.  Ach tá bearnaí san fhoireann fosta.

Tá craobh Chonnachta buaite trí huaire sna ceithre bliana deireannacha seo ag Tobar a’ Choire.  Tá diúltaithe acu dul suas grád go dtí go bhfuil craobh na hÉireann ina seilbh acu.

Sílim go bhfuil seans ann go mbeidh barraíocht taithí acu do lucht An Lurgain – ach tá súil agam nach bhfuil an ceart agam.